Tá an Comhairleoir Barra Ó Muirí an-sásta go mbeidh Seachain na Gaeilge ar líne againn uilig i mbliana. Mhol sé go laidir an obair atá déanta ag Aonad na Gaeilge agus dúirt sé go bhfuil an t-ádh orainn go bhfuil Aonad chomh díograiseach againn.
Tá Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin ag tabhairt deiseanna d’achan duine sa mhór-phobal sult agus spraoi a bhaint as Seachtain na Gaeilge. Is í Seachtain na Gaeilge, 1ú go 17ú Márta, an fhéile bhliantúil a dhéanann ceiliúradh ar theanga na Gaeilge, agus mar is ghnáth, beidh neart le déanamh i gceantar s’againne.
Craolfar deich ngearrfhíseán mar chroílár na n-imeachtaí i mbliana, físeáin a bhéas ar fail ar chainéal YouTube na comhairle, agus ár ndóigh, roinnfear iad ar na hardáin meán sóisialta eile. Tabharfaidh na físeáin seo deis duinn glórtha iontacha a cloisteáil agus iad i mbun ceoil. Cluinfear Bláithín Mhic Cana, Piaras Ó Lorcáin, Gráinne Holland agus Niall Comer ag ceol, agus is féidir le gach duine triail a bhaint as na hamhráin toisc go gcuirfear na liricí ar fail fosta.
Cuideoidh an Chomhairle le litearthacht na bpáistí i ngaelscoileanna s’againn trí réimse leabhair agus tascanna a sheoladh amach chuig na scoileanna. Beidh duaiseanna ar fáil do na léitheoirí óga, agus tá múinteoirí sásta go bhfaighfidh páistí Ghaelscoile deiseanna eile bheith ag léamh leabhair Ghaeilge.
Chomh maith leis seo uilig, beidh neart imeachtaí Gaeilge eile ar siúl fud fad an mhór-cheantair. I nDeisceart Ard Mhacha, beidh Gaelphobal Ard Mhacha Theas gnóthach agus iad ag leáinseáil an chéad fhéile sean-nóis ariamh mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. Beidh deis ag Gaeil an cheantair cluas éisteachta a thabhairt do chuid de na glórtha is binne in Éirinn ar ardáin meáin shóisialta de chuid Gaelphobal Ard Mhacha Theas.
Bígí sona, bígí sábháilte agus bainigí cuid mhór suilt as Seachtain na Gaeilge 2021.
Sinn Féin Councillor Barra Ó Muirí has expressed his delight that we will be able to celebrate virtual Seachtain na Gaeilge this year. He stacked praise on the work of the Irish Language Unit of the Council and expressed how lucky we all are to have such a hard-working, committed Unit.
Newry, Mourne and Down District Council will help celebrate Seachtain na Gaeilge (Irish Language week) virtually this year, giving everyone opportunities to embrace our language. Seachtain na Gaeilge, which runs from 1-17 March, is our annual celebration of the Irish language, and as usual, there will be plenty going on in our district.
A series of ten short films on the Council’s YouTube channel will form a central part of the féile this year, these will be shared across the Council’s other social media platforms also. The films will provide us with opportunities to hear the wonderful singing voices of Bláithín Mhic Cana, Piaras Ó Lorcáin, Gráinne Holland and Niall Comer, to name but a few. Lyrics will be provided on the YouTube channel to enable listeners to sing along.
The Council will also assist with the literacy skills of our Irish-medium schools by providing each school with a pack of books and tasks for the children to complete. There will be prizes for effort as the children move through the collection of books, something that our Irish-medium teachers are delighted with. This initiative provides another opportunity to read Irish books at home.
As well as all this, there are many more Irish language events being organised by the various groups around the district. In South Armagh, for example, Gaelphobal Ard Mhacha Theas will host its inaugural sean-nós festival as part of Seachtain na Gaeilge 2021. The Gaels of our district will have the opportunity to listen in to some of the most outstanding voices in Ireland on the social media platforms of Gaelphobal Ard Mhacha Theas.
Ó Muirí concluded by wishing everyone a safe and happy Seachtain na Gaeilge 2021.
ENDS
