Categories
Community Dáil Éireann Government Louth

Funding From Dublin Port Company to Conserve Historic Port Records From Four Courts Fire 1922

Dublin Port Company is supporting the State’s effort to recover from the Four Courts fire of 1922 by funding the conservation of 200-year-old records concerning Dublin Port.

*** NO REPRODUCTION FEE *** DUBLIN : 11/5/2022

On 30 June 1922, the Public Record Office of Ireland at the Four Courts was destroyed in the opening engagement of the Civil War. In the aftermath of the fire of 1922, over 25,000 sheets of paper and parchment were retrieved from the rubble. These records, which date from the fourteenth to the nineteenth centuries, are known as the ‘1922 Salved Records’. They are now held at the National Archives.

Most of this collection remained unopened until the last five years. As the successor of the Public Record Office of Ireland, the National Archives is a Core Partner in the Beyond 2022 project—an all-island and international research programme hosted at Trinity College Dublin and funded by the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media under Project Ireland 2040. The project is working to reconstruct what was lost in 1922.

*** NO REPRODUCTION FEE *** DUBLIN : 11/5/2022

During a recent investigation of unopened parcels of salved records through the Beyond 2022 project, archivists identified five parcels of significance to the history of Dublin Port.

Now, with generous support from Dublin Port Company, these records are being restored by the conservation team at the National Archives of Ireland. The conservation work is being undertaken by the Beyond 2022 Project Conservator, Jessica Baldwin, under the guidance of Zoë Reid, Keeper, Public Services and Collection. The documents all show some evidence of damage from the heat of the flames, as well as damp and rain from exposure to the weather following the fire. Despite the damage, conservation will mean that documents not seen for 100 years can soon be consulted again by historians and the public.

The thousands of sheets of paper are historically significant both as survivors of the destruction of 1922, and as fresh evidence for the historical development of Dublin Port. These papers create an incredible snapshot of the bustling life of the busy port with hundreds of people from around the country, from ports in Killybegs, Strangford and Youghal coming to collect salaries, pensions and trade in goods. They contain details on salaries and compensations, and many names of inspectors and collectors of customs taxes. They provide accounts about wine, bounties on beef and pork, allowances on silk, detail repayments of taxes on fish, ash, salt, and linen. For example, over 50 documents relating to the Bounty Payments for Fish in the summer of 1817 give a fascinating insight, as they include information on the ship, listing crew members and detailing the size and type of catch. These are important details of trade and commerce in Dublin Port that do not exist elsewhere.

Following the conservation, the documents dating from 1817–1818 will be available for research and suitable for digitization.

*** NO REPRODUCTION FEE *** DUBLIN : 11/5/2022

Speaking about the partnership, Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media, Catherine Martin TD said:

“This partnership between Beyond 2022, the National Archives and Dublin Port is an important and significant one.  The process of saving the recovered records from the fire at the Public Record Office in June 1922 is a flagship project under the Government’s Decade of Centenaries Programme led by my Department’s Commemorations Unit.

“The care that staff in the Public Record Office demonstrated over 100 years ago in their mission to save as many records as possible is now being continued by a highly skilled and committed team of archivists and conservators working together to uncover and reveal a snapshot of what life looked like at Dublin Port in 1922.”

Eamonn O’Reilly, Chief Executive, Dublin Port, said:

“Our own rich archive is an important and actively used resource which we routinely rely on to tell the story of Dublin Port.  We are delighted now to be able to add to the additional archive materials related to Dublin Port which the National Archives holds by supporting the conservation of records recovered after the burning of the Four Courts a century ago.”

Orlaith McBride, Director of the National Archives, said:

“The conservation of these records represents a significant contribution to the State’s key legacy project from the Decade of Centenaries.  The National Archives as successor institution to Public Record Office has held these records, salvaged from the fire in 1922, in its care for almost 100 years and has now begun the process of conservation.  This support from Dublin Port is invaluable in terms of allowing us to progress this work.”

Dr Peter Crooks, Trinity College Dublin and Academic Director of the Beyond 2022 project, said:

“As each page of these fascinating archives is restored, another page of Irish history is returned to the public record. These documents provide a fascinating insight into everyday life 200 years ago – not only in Dublin, with its extensive trading network, but also across Ireland at large.”

ENDS

Tá Comhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath ag tacú le hiarrachtaí an Stáit chun taifid atá 200 bliain d’aois a bhaineann le Calafort Bhaile Átha Cliath a chaomhnú trí mhaoiniú a chur ar fáil. 

Scriosadh Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann sna Ceithre Cúirteanna, i gcéad chomhrac an Chogaidh Chathartha. Tar éis thine 1922, fuarthas breis is 25,000 bileog pháipéir agus meamram ón smionagar. Tugtar ‘1922 Salved Records’ ar na taifid seo, a théann ón gceathrú haois déag go dtí an naoú haois déag. Coimeádtar sa Chartlann Náisiúnta anois iad.

Níor osclaíodh an chuid is mó den bhailiúchán seo go dtí cúig bliana anuas. Mar chomharba ar Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann, tá an Chartlann Náisiúnta ina príomh-chomhpháirtí i dtionscadal Thar 2022 Amach—clár taighde uile-oileáin agus idirnáisiúnta a reáchtálann Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus a mhaoiníonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin faoi Thionscadal Éire 2040. Tá an tionscadal ag obair chun an méid a cailleadh in 1922 a athchruthú.

Le linn imscrúdú a rinneadh le déanaí ar bhearta neamhoscailte de thaifid a sábháladh tríd an tionscadal Thar 2022 Amach, d’aithin coimeádaithe cúig bheart a raibh tábhacht stairiúil leo do Chalafort Bhaile Átha Cliath.

Anois, le tacaíocht ó Chomhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath, tá na taifid seo á n-athchóiriú ag an bhfoireann caomhantais i gCartlann Náisiúnta na hÉireann. Tá an obair chaomhnaithe á déanamh ag Caomhnóir Thionscadal Thar 2022 Amach, Jessica Baldwin, faoi threoir Zoë Reid, Coimeádaí, Seirbhísí agus Bailiúchán Poiblí. Léiríonn na doiciméid go léir roinnt fianaise ar dhamáiste ó theas na lasracha, chomh maith le taise agus báisteach ó nochtadh don aimsir tar éis na tine. In ainneoin an damáiste, is féidir le staraithe agus leis an bpobal féachaint ar na cáipéisí nach bhfacthas le 100 bliain anuas arís mar gheall ar an gcaomhnú.

Tá tábhacht stairiúil ag baint leis na mílte bileog páipéir mar nithe a tháinig slán ó scrios 1922, agus mar fhianaise úr ar fhorbairt stairiúil Chalafort Bhaile Átha Cliath. Cruthaíonn na páipéir seo léargas iontach ar shaol an chalafoirt ghnóthaigh agus na céadta duine ó áiteanna ar fud na tíre, ó chalafoirt na gCealla Beaga, Chairlinn agus Eochaill ag teacht chun tuarastail agus pinsin bhailiú agus earraí a thrádáil. Tá sonraí iontu faoi thuarastail agus faoi chúitimh, agus go leor ainmneacha cigirí agus bailitheoirí cánacha custam. Tugtar cuntas iontu ar fhíon, praghasanna mairteola agus muiceola, liúntais ar shíoda, mionsonraí aisíocaíochtaí cánach ar iasc, fuinseog, salann agus línéadach. Mar shampla tugtar léargas iontach ar long in 50 doiciméad a bhaineann le hÍocaíochtaí Éisc i samhradh na bliana 1817, ag lua baill chriú agus ag sonrú méid agus cineál na gabhála. Is sonraí tábhachtacha iad seo faoi thrádáil agus faoi thráchtáil i gCalafort Bhaile Átha Cliath nach bhfuil ar fáil in aon áit eile. 

Tar éis an chaomhnaithe, beidh na doiciméid dar dáta 1817–1818 ar fáil le haghaidh taighde agus oiriúnach le haghaidh digitithe.

Ag labhairt faoin gcomhpháirtíocht, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin:

“Tá an chomhpháirtíocht seo idir Thar 2022 Amach, an Chartlann Náisiúnta agus Calafort Bhaile Átha Cliath tábhachtach agus suntasach. Tionscadal suaitheanta faoi Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán an Rialtais atá á stiúradh ag Aonad Comórtha mo Roinne is ea an próiseas chun na taifid a sábháladh ón tine in Oifig na dTaifead Poiblí i mí an Mheithimh 1922 a shábháil.

“Bhí an fhoireann in Oifig na dTaifead Poiblí breis agus 100 bliain ó shin an-chúramach chun an oiread taifead agus ab fhéidir a shábháil. Tá  foireann cartlannaithe agus coimeádaithe ardoilte agus tiomanta ag leanúint leis an obair sin chun léargas a fháil ar shaol Chalafort Bhaile Átha Cliath in 1922.”

Dúirt Éamonn O’Reilly, Príomhfheidhmeannach Chalafort Bhaile Átha Cliath:

“Is acmhainn thábhachtach í ár gcartlann shaibhir féin a úsáidtear go gníomhach agus a mbímid ag brath uirthi go rialta chun scéal Chalafort Bhaile Átha Cliath a insint.  Tá lúcháir orainn anois a bheith in ann cur leis na hábhair chartlainne bhreise a bhaineann le Calafort Bhaile Átha Cliath atá i seilbh na Cartlainne Náisiúnta trí thacú le caomhnú taifead a fuarthas tar éis tine sna Ceithre Cúirteanna céad bliain ó shin.”

Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta:

“Cuidíonn caomhnú na dtaifead seo go mór le príomhthionscadal oidhreachta an Stáit ó Dheich mBliana na gCuimhneachán. Tá na taifid seo, a tarrtháladh ón tine in 1922, faoi chúram Chartlann Náisiúnta na hÉireann le beagnach 100 bliain mar institiúid chomharba ar Oifig na dTaifead Poiblí agus tá tús curtha aici leis an bpróiseas caomhnaithe anois. Tá an tacaíocht seo ó Chalafort Bhaile Átha Cliath fíor-luachmhar ó thaobh ligean dúinn an obair seo a chur chun cinn.”

Dúirt an Dr Peter Crooks, ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Stiúrthóir Acadúil thionscadal Thar 2022 Amach:

“Agus gach leathanach de na cartlanna suimiúla seo á athchóiriú, cuirtear leathanach eile de stair na hÉireann ar ais sa taifead poiblí. Tugtar léargas iontach sna doiciméid seo ar an ngnáthshaol 200 bliain ó shin — ní hamháin i mBaile Átha Cliath, lena líonra fairsing trádála, ach ar fud na hÉireann i gcoitinne freisin.”

CRÍOCH

An Oifig Preasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427
Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie
Láithreán Gréasáin: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Chun d’ainm a bhaint de liosta na ríomhphost, cliceáil ANSEO.

Nótaí Eagarthóra

Is toradh é Taisce Thaifid Fhíorúla na hÉireann ar chlár taighde cúig bliana dar teideal ‘Thar 2022 Amach’, atá maoinithe ag an Stát.

I mí an Mheithimh 2022, céad bliain tar éis na tine tubaistí a scrios Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann agus a bailiúcháin chartlainne, osclófar Taisce Thaifid Fhíorúla na hÉireann don phobal ar líne.

Trí thaithí thumtha Web3D, beidh cuairteoirí ar líne in ann dul isteach arís i seomra álainn léitheoireachta Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann, mar a bhí sé ar an oíche roimh a scriosta, agus a bhailiúcháin athchóirithe a iniúchadh.

Caomhnaíonn an Chartlann Náisiúnta cuimhne an Stáit i bhfoirm a thaifid scríofa. Faigheann sé agus cosnaíonn sé taifid phoiblí na hÉireann, agus ar an gcaoi sin cinntítear go bhfuil na taifid ar fáil mar acmhainn do chách. Baineann na taifid seo le stair shóisialta, chultúrtha, eacnamaíoch agus pholaitiúil oileán na hÉireann ó na Meánaoiseanna go dtí bunú Shaorstát na hÉireann in 1922 agus sa ré nua-aimseartha.

ENDS

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s