Ag Ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge 2021 Ar Líne le Meascán Ceoil,
Scéalaíochta agus Litríochta
Cuideoidh Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin le ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge
ar líne i mbliana trí chlár speisialta ábhar agus imeachtaí ó 1 Márta go Lá Fhéile Pádraig, 17
Márta. Is í an fhéile is mó ar domhan a dhéanann ceiliúradh ar theanga dhúchais agus chúltúr na hÉirinn, le himeachtaí iontacha ag tarlú i dtíortha éagsúla go bliantúil.
Tabharfaidh an clár imeachtaí deis do dhaoine sult agus taitneamh a bhaint as an Ghaeilge trí
cheol, litríocht agus scéalaíocht. Más glanfhoghlaimeoir thú nó má tá Gaeilge líofa agat,
cuirfear fáilte mhór romhat. Is féidir le ceol agus scéalaíocht muid a spreagadh chun a bheith
ag foghlaim, ag fás agus a bheith spreagtha i dtreo na teanga, agus tugann na himeachtaí ar
líne deis do dhaoine sult a bhaint as an mheascán ceoil agus litríochta agus iad slán sábháilte sa
bhaile – rud atá fíor-thábhachtach sa tréimhse dhúshlánach seo.
I mbliana cluinfimid Bláithín Mhic Cana agus Piaras Ó Lorcáin, taifeadta in Ard Mhacha Theas,
amhráin nua-chumtha ó Ghráinne Holland taifeadta i gCaisleán Uidhilín, áit a bhfuil cónaí uirthi,
agus scéalaíocht ó Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus fear as Iúr Cinn Trá é.
Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, An Comhairleoir Laura
Devlin, “Bíonn lúchair orm i gcónaí nuair a fheicim an Ghaeilge á ceiliúradh sa cheantar seo le
linn Sheachtain na Gaeilge. Tá mé an-sásta leis an chur chuige cruthaitheach atá glactha ag
Aonad na Gaeilge de chuid na Comhairle i mbliana, maidir le tograí Gaeilge a fhorbairt, ábhar
agus imeachtaí ar líne do chách san áireamh, le cinntiú go ndéanfar ceiliúradh ar Sheachtain na
Gaeilge go sábháilte.
Príomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2021:
Ceol agus Scéalaíocht ar Fhíseán
Beidh deich ngearrfhíseán mar chroílár na himeachta seo, físeáin a bheas craolta ar chainéal
YouTube na Comhairle agus a bheas roinnte trí chainéil na meán sóisialta. Déanfaidh na físeáin
seo ardán do cheoltóirí agus scéalaithe iontacha sa cheantar, Gráinne Holland, Bláithín Mhic Cana, Piaras Ó Lorcáin agus Niall Comer ina measc. Cuirfear aistriúcháin Bhéarla ar fáil mar
aon leis an tras-scríbhinn Ghaeilge ar ár gcainéal YouTube, ag tabhairt deise do dhaoine canadh
in éineacht leis nó na liricí a fhoghlaim fiú amháin le bheith réidh chun a leagan féin a cheol
amach anseo.
Togra Luas-Léitheoireachta le Bunscoileanna an Cheantair
Is comh-fhiontar é seo idir an Chomhairle, Gaeláras Mhic Ardghail agus na Bunscoileanna Lán-
Ghaeilge sa cheantar. Seolfar pacáiste chuig na scoileanna uilig a mbeidh leabhair Ghaeilge
agus ceachtanna sultmhara ann. Tabharfar deis do na daltaí scoile cúig leabhar déag a léamh
agus ceachtanna idirgníomhacha a dhéanamh chun léiriú go bhfuil na leabhair léite acu. Beidh
duaiseanna ar fáil do na léitheoirí óga. Is scéim phíolóta í seo agus tá rún ag an Chomhairle cur
leis an togra sa bhliain úr airgeadais, le scoileanna eile agus le réimse leabhar níos leithne.
Grúpaí Áitiúla agus Acmhainní Ar Líne
Tá grúpaí Gaeilge agus daoine aonaracha fud fad an domhain ag eagrú a gcuid imeachtaí féin,
cuid mhaith acu a bheas ar fáil ar líne. Is féidir le Fóram an Dúin & Oirialla tú a choinneáil ar an
eolas trí facebook.com/Fóram-an-Dúin-Oirialla maidir le himeachtaí ar líne agus acmhainní eile
le linn Sheachtain na Gaeilge agus ar feadh na bliana.
Tá go leor grúpaí Gaeilge eile ag obair go dian sa chúlra chun tacú le daoine an teanga a
cheiliúradh i mbealach atá sábháilte agus sultmhar. Thíos faoi tá liosta de ghrúpaí Gaeilge agus
leathanaigh Facebook s’acu chun cuidiú leat níos mo a fhiosrú agus páirt a ghlacadh.
facebook.com/boirche.iochtar
facebook.com/CrotlieveIrishSociety
facebook.com/cumanngaelach.leathchathail
facebook.com/cumannGaelachNaomhMochai
facebook.com/Gaeláras-Mhic-Ardghail
facebook.com/gaelphobalardmhachatheas
facebook.com/glor.uachtartire
facebook.com/milefailte15
Chomh maith leis sin, thíos faoi seo tá acmhainní iontacha eile chun cuidiú leat fáil amach faoi
imeachtaí Gaeilge atá ar siúl cóngarach duit nó ar an taobh eile den domhan!
facebook.com/SeachtainnaGaeilge
instagram.com/snagaeilge
twitter.com/SnaGaeilge
http://www.peig.ie
http://www.snag.ie
Is féidir leat tuilleadh eolais ar Sheachtain na Gaeilge nó ar na himeachtaí thuasluaite a fháil trí
rphost a chur chuig gaeilge@nmandd.org nó ar http://www.newrymournedown.org/gaeilge. CRÍOCH
Is féidir aon fhiosruithe a sheoladh chuig an Phreasoifig
